Scéal Chniotáil Abhainn Ghlinne
Tá muid lonnaithe ar An Charraig, ar leithinis Shliabh Liag in Iardheisceart Chontae Dhún na nGall. Tagann ainm an ghnólachta ó “Abhainn Ghlinne” – abhainn a ritheann amach os ár gcomhair anseo. Tá cnoic ghlasa agus sléibhte móra draíochta i ngach treo, agus tá Cuan Theilinn agus an t-Aigéan Atlantach le feiceáil amach romhainn. Is fíor nach bhfuil ganntanas spreagtha chun cniotáil álainn Dhún na nGall a dhearadh.
Bunaíodh ár ngnólacht sa bhliain 1981, agus ón am sin anuas tá an ghlúin seo den chlann ag déanamh éadaí cniotáilte don mhargadh baile agus don mhargadh easpórtála. Úsáideann muid snáth nádurtha amháin chun Cniotáil Éireannach den chéad scoth a dhéanamh dár gcustaiméirí géarchúiseacha.
Tá clú agus cáil ar chniotáil agus ar bhréidín Dhún na nGall. Tá an t-ádh orainn go bhfuil an muileann snáithe iomráiteach, “Snáth Dhún na nGall”, suite go díreach 5 km uainn. Faigheann dearthóirí na snáithe spreagadh iontach ón fharraige, ó na sléibhte agus ó ghnéithe eile de Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is í an fhírinne gan amhras go bhfuil muid millte leis an méid snáithe álainn atá acu.
I rith an tsamhraidh, bíonn muid ag casadh le custaiméirí ag beanna Shliabh Liag. Is áit iontach é, agus mholfainn go mór do chuile dhuine dul chun iad a fheiceáil.
Is ar sheol-láimhe traidisiúnta a mbíonn muid an cniotáil, agus tá gach ball éadaigh críochnaithe go proifisiúnta. Tá fáilte romhat más maith leat an próiseas seo a fheiceáil. Téigh i dteagmháil linn chun coinne a dhéanamh, nó má tá eolas ar bith a dhíth ort.
Is cúis bhróid dúinn go bhfuil muid ag cuidiú leis an traidisiún speisialta seo a choinnealt beo – ag úsáid seolta-láimhe traidisiúnta agus na sean phatrúin a d’fhoghlaim muid onár sinsear chun cniotáil chomhaimseartha álainn a dhéanamh – cniotáil Éireannach a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud an domhain.
Mairtín Ó Dochartaigh

